Williamz Sound & Lighting (Sinne)
Written (in 2010) by:
Ciarán Williams
Managing Director
Sa bhliain 2005 thosnaíos amach i Halla na Feothanaí ag déanamh soilse agus fuaime do dhrámaí le hAisteoirí Bhréanainn. Bosco Ó Conchúir a chonaic go raibh spéis agam i gcúrsaí teicneolaíochta agus a chuirsa phost mé. D’oibrigh mé ar an-chuid saghasanna drámaí agus tháinig feabhas ar mo Ghaeilge. Bím ag obair ar gach rud a chuireann Aisteoirí Bhréanainn ar stáitse i gCorca Dhuibhne chomh maith le haon cheolchoirm a bhíonn ar siúl Halla na Feothanai. Gan Bosco ní bheinn ag scríobh seo in aon chor. Sa bhliain 2008 fuair an chomhlacht Annóg an seomra eolaíochta saseanmhainistir chun amharclann a bhunú! Nuair a chuala mé go raibh sé dírithe ar dhaoine óga bhíos ar bís. Ní raibh sé i bhfad go dtí gur tháinig Áine Moynahan chugam ag lorg duine le heolas ar chursaí soilsithe agus fuaime! Thosnaíos amach i Lab na Mainistreach obair ar an soilsiú agus an fhuaim do dhrámaí leis an ngrúpa “Annóg”. Bím ag obair ann do gach ceolchoirm a bhíonn ar siúl ann chomhmaith. Is í Áine Moynahan a chuir sa phost mé agus caithfidh mé a rá gur sár stiúrtheoir í! Sa bhliain 2009 d’oibrigh mé ar dhráma leis an Beehive Theatre Group sa Daingean. Chomh maith leis sin d’oibrigh mé ar dhrámaí le Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Liam Ó Mathúna (Corcaigh) agus ar cheolchoirmeacha do Scoil Cheoil an Earraigh. Chuireamar ‘Grease the Musical’ agus Seó Faisin ar stáitse don cheathrú bliain. Bhíos ag aisteoireacht agus ag socrú na soilse do Grease! (Go raibh míle le Liam Antaine Ó Cathasaigh a chabhraigh liom in am na práinne!). Nuair a chuala mé go raibh an post don Seó Faisin don Soilsiú agus d’Fhuaim agam bhíos ar bís! Shocraigh mé na re-mixes go léir don Seó Faisin, na soilse go léir agus an córas fuaime go léir. Bhí meaisíní deataigh, Strobes, meaisíní bolgáin, agus an-chuid sreanganna ag dul i ngach áit. Is dóigh liom gur cheap mo chairde nach mbeinn ábalta an trealamh go léir a úsáid ar an oíche ach ní mar sin a tharla. Chaith mé trí oíche ag ullmhú, ag cuir trealamh i bhfearas le cabhair mór ó mo chairde Meghan agus Marie. Ní dóigh liom go raibh aon bhrú orm ar chor ar bith, cuir ceist ar mo chairde! Tar éis an Seó Faisin bhí gach éinne ag rá liom gur cheart domdul níos faide ar aghaidh le m’obair! Bhunaigh mé mo chomhlacht féin sa bhliain 2009/2010. Bhí mo chairde agus mo thuismitheoirí de shíor ag rá liom gur cheart dom dul níos faide le mo chuid oibre. Chomh maith le sin bhí an t-am agam an taighde margaíochta a dhéanamh. Bhíos mar pháirt den rang Fiontair sa scoil chomh maith agus mhúin sé sin dom conas gnó a bhunú. Chuaigh mé ar thaithí oibre go dtí Siamsa Tíre i dTrá Lí agus go dtí Radio Kerry chomh maith. Bhí cóicís agam ag foghlaim an-chuid rudaí ó John Herlihy agus ó Jimmy McDonnell. Tá spéis OLL-MHÓR agam sa Cheol. Bím á sheinnt is ag éisteacht leis. Is breá liom a bheith ag éisteacht leis ar mo Ipod nó moríomhaire so-ghluaiste. Thosnaíos ag meascadh ceoil do mo chairde agus dúirtsiad liom go raibh cur amach agam ar cheol. Thosnaigh mé mar “DJ” sa bhliain 2010! Cheannaigh mé soilse, barraí –T do na soilse an bogearra Virtual DJ don ríomhaire, agus cáblaí leictreacha; lecabhair airgeadais ó mo thuismitheoirí gan amhras. Cheannaigh me Pinn chomhmaith le tabhairt do mo chairde ar scoil. Tá cúpla geansaí agus seaicéaid agam chomhmaith. An chéad dioscó a tháinig im’ threo nádioscó do Chlub Óige an Daingin a bhí ar siúl i Halla Fionntrá. Shocraíos an trealamh ar an Déardaoin agus bhí an dioscó lebheith ar siúl ar an Aoine. Bhíos ar bís tráthnóna Dé hAoine ar scoil! Bhí gachéinne ag teacht chugam don cheistiú faoin Dioscó.Chuaigh an dioscó ar aghaidh go hiontach agus bhain gach éinne an- taitneamh as!Fiú gur phleasc mé fiús! Dheineas dioscó sa Hillgrove i mbliana chomh maith; áit an- “ghalánta” atá ann, tá soilse iontacha acu, b’fhéidir i gcúpla bliain go mbeidh mé ag lorg poist ann! B’é an dioscó ab fearr adheineas go dáta seachas an ceann don Chlub Óige i Halla Liospóil, éinne a bhí ann bhí oíche an-mhaith acu. Táim ag baint antaitneamh as an obair... S’é m’aidhm ná gombeadh craic ag gach éinne aon áit a bhím ag obair ann....má tá dioscó, cóisir tí, iPod, Seó Faisin, dráma nó aon rud á eagrú agat,seol téacs chugam! Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúldo chúpla duine a chabhraigh liom i mbliana; Áine Moynahan & Annóg, Bosco Ó Conchúir & Asteoirí Bhréanainn, Jimmy McDonnell & Siamsa Tíre, John Herlihy &Fiona Stack (Radio Kerry), Marita Evans,Donncha Ó Ceileachair, Mary Galvin,YoungEntrepreneur Programme, Trá Lí, Fergal Ó Muircheartaigh (Leicteoir) AnMoncaí Ocrach Café, Carol Ní Laoithe, agus buíochas mór do John McElligot óMcElligot Sound Systems i dTrá Lí, agus do mo thuismitheoirí a bhíonn ‘omthiomáintó áit go háit!M’ fhoireann go léir a chabhraigh liom ag na dioscónna:(M’Fhoireann) Meghan Ní Laoithe, Liam Antaine Ó Cathasaigh (Do Grease), Jamie Ó Flannúra, Dáire Ó Lúing, Charlie Mangion, Susan Ní Nialláin, Ní bheadh aon dioscó ná Seó Faisin ná aon rud agam gan an “Rúnaí” is fearr a bheadh ag éinne. Thanks Marie :)
Williamz Sound & Lighting in 2011 (Some of Our Events)
Lispole & Annascaul Youth Club Disco in Lispole Hall Jan 14th
Ag Trasnu na Sionainne (Muireann Nic Amhlaoimh) i Lab na Mainistreach Jan 15th
Ceathru Bhliain Dioscó "Cuplai agus Tririni" i gCluboíche an Hillgróbh Jan 28th
PLE "Siomposiam" i Lab na Mainistreach le Fionnbarra Ó Brolcháin Feb 12th
Na Leabhra le Asteoiri Bulfinn i Lab na Mainistreach Feb 12th
"Oklahoma" The Musical le Ceathru Bhliain P.C.D. Feb 16-18
Dioscó "Dearg agus Dubh" ar son an Moncai Ocrach sa Hillgróbh Feb 25th
Ceolchoirm Scoil Cheoil an Earraigh Feb 26th
Ceolchoirm Gaelach/Nua Aimsearach i Lab na Mainistreach Feb 12th
Pobalscoil Chorca Dhuibhne's "Circus" Themed 4th Year Fashion Show 15th March
Ceolchoirm le Mick Hanley i Lab na Mainistreach 31st March
"Ná hInis Di Féin É" Drama le Asteoiri Bhreanainn i Halla na Feothanai April
Feile Aitiuil Drámaiochta Corca Dhuibhne i Halla Na Feothanai 2nd April
Féile Pan Cheilteach 2011 Daingean Uí Chúis
Féile na Bealtaine 2011 Daingean Uí Chúis.
Williamz Sound & Lighting in 2010
(First Year in Business/An chéad bhlian sa ghnó)
Chun an Farraige Síos & Port na Mammies (Geardhramaí) le Annóg i Lab na Mainistreach
Grease the Musical Production le Pobalscoil Chorca Dhuibhne
The Oscar's Fashion Show with Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Ceolchoirmeacha Scoil Cheol an Earraigh I Séipéal Baile an Fhéartéirigh
Ceolchoirm Pontico Quartet I Lab na Mainistreach
Drámaí don Féile Náisiúnta Drámaíochta i Feothanach
An Poncánach le Asteoirí Bhréanainn
Dingle Youth Club Disco in Ventry Hall
Youth Café "Multicoloured" Disco in Hilgrove Niteclub
Ceolchoirm Brendan Begley i Lab na Mainistreach
Annascaul Youth Club Disco in Lispole Hall
Seo Talainn Pobalscoil Chorca Dhuibhne 2010 (Dingle TY's Talent Show)
Ceolchoirm Beal Tuinne i Cuas
Youth Café "Summer" Disco in Hilgrove Niteclub
Geardhráma Port na Mammies le Ceol ó Cúilín Quartet agus Cafe Du Jazz
Dingle Regatta 2010
Ceolchoirm Eithne Ní Chatháin & Banna i Lab na Mainistreach
Youth Café "Jersey Theme" Disco in Hilgrove Niteclub
18th Disco in Dingle Bay Hotel
Brandon Regatta 2010
Oíche Chultúra i Lab na Mainistreach
Youth Café "Dress Wild" Disco in Hilgrove Niteclub
Ceolchoirm Ian Wilson Common Tongue i Lab na Mainistreach
Féile Beag Filíochta i Lab na Mainistreach
Oireacht Chorca Dhuibhne i Lab na Mainistreach
An Moncai Ocrach "Diosco na Nollag" in Hillgrove Niteclub
Ceolchoirm na Nollag le Aisteoiri Bhreannann i Halla na Feothanai
Ceolchoirm na Nollag le Annóg/Ar Aghaidh i Lab na Manistreach